An difríocht idir athruithe ar: "Iaidín"

Content deleted Content added
Jotterbot (plé | dréachtaí)
m róbat ag mionathrú: sl:Jod
No edit summary
Líne 9:
|Íomhá=I-TableImage.png
}}
 
Is [[dúil cheimiceach]] é '''Iaidín'''. Tá [[uimhir adamhach]] 53 agus siombail '''I''' air.
Is é an t-'''iaidín''' dúil cheimiceach uimhir a 53 sa tábla pheiriadach, rud a chiallaíonn go bhfuil 53 phrótón i núicléas an iaidín. Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann don iaidín ná I. Níl an t-iaidín chomh haraiciseach chun imoibriúcháin agus na halaiginí níos éadroime (an fluairín, an clóirín agus an bróimín), ach mar sin féin, ní féidir teacht ar an iaidín sa dúlra nach mbeadh nasctha de dhúile eile i móilíní nó i gcriostail ianacha. Má aonraítear iaidín as na comhdhúile seo, gheofar criostail chrua dhubha a bhfuil imir nó loinnir chorcra iontu. Ní féidir na criostail seo a leá le gnáthbhrú an atmaisféir: má théitear suas iad, néalófar go díreach go gás iad. Tá an gás sin corcra, agus é ag oibriú go dona ar na scamhóga, cosúil leis na halaiginí eile. Tá an gás comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha, I<sub>2</sub>.
 
Is féidir iaidín a thuaslagadh i dtuaslagóirí orgánacha, cosúil leis an g[[clóraform]]. Níl sé chomh so-thuaslagtha san uisce, ach má chuirtear beagáinín d'iaidíd an photaisiam san uisce, ionas go mbeidh iain iaidíde I<sup>-</sup> le fáil sa tuaslagán, is féidir leis na móilíní iaidín imoibriú leis na hiain seo, ionas go gcruthaítear iain trí-iaidíde, I<sub>3</sub><sup>-</sup>. Tá na hiain seo i bhfad níos so-thuaslagtha ná na móilíní iaidín.
 
 
{{síol}}