An difríocht idir athruithe ar: "Iaidín"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc
Líne 10:
}}
 
Is é an t-'''iaidín''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a 53 sa [[Tábla peiriadach|tábla pheiriadach]], rud a chiallaíonn go bhfuil 53 [[prótón|phrótón]] i núicléas an iaidín. Is í an tsiombailt[[siombail cheimiceach]] a sheasann don iaidín ná I. Níl an t-iaidín chomh haraiciseach chun imoibriúcháin agus na halaiginí níos éadroime (an [[fluairín]], an [[clóirín]] agus an [[bróimín]]), ach mar sin féin, ní féidir teacht ar an iaidín sa dúlra nach mbeadh nasctha de dhúile eile i móilíní[[móilín]]í nó i gcriostail ianacha. Má aonraítear iaidín as na comhdhúile[[comhdhúil]]e seo, gheofar criostail chrua dhubha a bhfuil imir nó loinnir chorcra iontu. Bíonn sé deacair iaidín a leá le gnáthbhrú an [[atmaisféir]], nó is dual dó iompú go sciobtha ina ghás chorcra. Is minic a chreidtear go néalaíonn an t-iaidín go gás sula leáitear é, ach ní mar a shíltear a bhítear: le fírinne, leánn an t-iaidín ag 113.7 °C, agus is é an fiuchphointe ná 184.3 °C. Tá an t-iaidín - idir sholad, leacht agus ghás - comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha, I<sub>2</sub>.
 
Is féidir iaidín a thuaslagadh i dtuaslagóirí orgánacha, cosúil leis an g[[clóraform]]. Níl sé chomh so-thuaslagtha san [[uisce]], ach má chuirtear beagáinín d'iaidíd an photaisiam san uisce, ionas go mbeidh iain iaidíde I<sup>-</sup> le fáil sa tuaslagán, is féidir leis na móilíní iaidín imoibriú leis na hiain seo, ionas go gcruthaítear iain trí-iaidíde, I<sub>3</sub><sup>-</sup>. Tá na hiain seo i bhfad níos so-thuaslagtha ná na móilíní iaidín. Nuair a úsáidtear iaidín i ndíghalrú na gcneácha, is é an cineál iaidín a bhíonn i gceist ná an tuaslagán trí-iaidíde, uaireanta. Is minice a úsáidtear tuaslagán alcóil an iaidín, áfach.
 
Níl ach aon [[iseatóp]] cobhsaí amháin ag an t-iaidín, mar atá, <sup>127</sup>I, agus is é an t-aon iseatóp amháin - beagnach - a bhfuil teacht air sa dúlra.
 
 
 
 
 
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]