An difríocht idir athruithe ar: "Iaidín"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
Bíonn iaidín le fáil go nádúrtha i mianraí áirithe agus i sáile. Tá cineálacha áirithe feamainne, an cheilp ach go háirithe, saibhir in iaidín.
 
Cosúil leis na halaiginí eile, is dual don iaidín dul i gcomhdhúil leis an hidrigin, ionas go gcruthaítear iaidíd hidrigine, HI. Tá an gás seo so-thuaslagtha san uisce, agus is aigéad láidir é. Tá dhá ocsaigéad ag an iaidín, mar atá, an t-aigéad iadach HIO<sub>3</sub> agus an t-aigéad sáriadach HIO<sub>4</sub>. Ocsaídeoirí láidire iad. Is féidir leis an iaidín dul i gcomhdhúile leis na halaiginí eile, agus tá a leithéidí de chomhdhúile ann agus clóiríd an iaidín ICl, tríchlóiríd an iaidín ICl<sub>3</sub>, peinteafluairíd an iaidín IF<sub>5</sub> agus heipteafluairíd an iaidín IF<sub>7</sub>. Mar a léiríonn na samplaí seo, is iad uimhreacha ocsaídiúcháin an iaidín ná -I, +I, +III, +V, agus +VII.