An difríocht idir athruithe ar: "Bróimín"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Ba iad an Francach Antoine Balard agus an Gearmánach Carl Jacob Löwig a d'aithin an bróimín mar dhúil ar leith, beag beann ar a chéile, i lár na 1820idí. Tháinig Balard ar bhróimídí i luaith feamainne ó na portaigh i gcóngar do Montpellier. Bhí an cineál seo feamainne - díreach cosúil le ceilp na hÉireann! - saibhir in iaidín, agus mar sin, dhóití é le hiaidín a tháirgeadh. Fuair sé amach go raibh an t-iaidín truaillithe le dúil anaithnid a bhí idir eatarthu idir an clóirín agus an t-iaidín, agus is é an t-ainm a bhaist sé uirthi ná ''muride'', as ''muria'' na Laidine a chiallaíonn "sáile". Maidir le Löwig, d'aonraigh seisean bróimín as na salainn mhianracha in uisce an tobair áitiúil ina chathair dhúchais, Bad Kreuznach. Nuair a foilsíodh an leagan deifnídeach de thuarascáil thaighde Balard, bhí ainm na dúile athraithe go bróimín aige. Dúirt sé féin gurbh é "Monsieur Anglada", pé hé féin, a mhol dó an t-ainm a athrú. De réir foinsí eile, áfach, ba é an t-eolaí cáiliúil Francach Joseph Louis Gay-Lussac a cheap an t-ainm nua.
 
Móilín dé-adamhach é móilín an bhróimín agus é ina dhúil. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I. Ocsaídeoir láidir atá ann.