An difríocht idir athruithe ar: "Bróimín"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
[[Móilín]] dé-adamhach é móilín an bhróimín agus é ina dhúil. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I, nó mar is dual do na halaiginí, tá seacht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus ní theastaíonn uaidh ach ceann amháin leis an ochtréad cobhsaí a bhaint amach. Ocsaídeoir láidir atá ann freisin, agus é ag imoibriú leis an gcuid is mó de na miotail le bróimídí miotail a dhéanamh.
 
Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an mbróimín, mar atá, <sup>79</sup>Br (50.69 % de bhróimín an dúlra) agus <sup>81</sup>Br (49.31 %). Tá meáchan adamhach an bhróimín suite timpeall ar 80 aonad, mar sin, ach níl an t-iseatóp <sup>80</sup>bróimínBr le fáil sa dúlra. Le fírinne, is iseatóp as pabhar radaighníomhach é nach maireann a [[leathré]] ach ocht nóiméad déag.
 
Tá trí ocsaigéad ag an mbróimín, ach ní féidir aon cheann acu a aonrú - níl teacht orthu ach i dtuaslagáin uisce. Is iad an t-aigéad fobhrómúil HBrO, an t-aigéad brómach HBrO<sub>3</sub> agus an t-aigéad sárbhrómach HBrO<sub>4</sub>. Cé nach bhfuil na haigéid féin cobhsaí, tá sé furasta go leor iain fhobhróimíte BrO<sup>-</sup> agus iain bhrómáite BrO<sub>3</sub><sup>-</sup> a chruthú: nuair a thuaslagfar bróimín san uisce, gheofar iain fhobhróimíte chomh maith le hiain bhróimíde:
 
Br<sub>2</sub> + H<sub>2</sub>O -> Br<sup>-</sup> + BrO<sup>-</sup> + 2 H<sup>+</sup>
 
Cosúil leis an ian fochlóiríte a chruthaítear ar an mbealach céanna i dtuaslagáin uisce an chlóirín, is ocsaídeoir láidir é an t-ian fobhróimíte, agus é ina thuarthóir mhaith. Má théitear an tuaslagán suas, áfach, gheofar iain bhrómáite, BrO<sub>3</sub><sup>-</sup>.
 
{{síol}}