An difríocht idir athruithe ar: "Dúil cheimiceach"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: roa-tara:Elemende chìmeche
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Periodic table.svg|450px|mionsamhail|deas|An [[Tábla Peiriadach]] de na dúile ceimiceacha]]
 
SéardIs éard atá i '''ndúil cheimiceach''' ná substaint a bhfuil a cuid adamh go léir mar an gcéanna maidiró lethaobh líon na bprótón de. Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar Anan [[Tábla Peiriadach]] air. Ba é an saineolaí [[Dmítrí Meindeiléiv]] ón Rúis a chuir tús leis an tábla seo sa bhliain 1869, agus é tar éis a thabhairt faoi deara go raibh saintréithe na ndúl ag athrú ar bhealach thráthrialta a chuir ar a chumas iad a ghrúpáil. Nuair a bhí Meindeiléiv ag obair, ní raibh tuiscint ag na heolaithe ar choincheap an núicléis go fóill, agus mar sin, d'ordaigh sé na dúile de réir an mheáchain adamhaigh. Uaireanta, b'éigean dó scinneadh ó ordú na meáchan adamhach beagáinín, le go mbeadh ordú na ndúl ag leanúint na grúpála, agus is é an míniú a thug sé air seo ná nach raibh eolaithe a linne in ann an meáchan adamhach a thomhas go cruinn. Idir an dá linn, tuigeadh do na heolaithe gurb é líon na bprótón is bunús leis an bpeiriadacht, agus cé go bhfuil ordú na ndúl de réir an mheáchain adamhaigh sách gar don ordú de réir líon na bprótón sa núicléas, níl sé riachtanach gurbh ionann an dá ordú.
 
Aithníodh 117 ndúil san ollchruinne go dtí seo. Tá 94 cinncheann acu seo (na cinn ón b[[plútóiniam]] anuas) ar fáil go nádúrtha sa [[dúlra]]. Tá na dúile a bhfuil a n-[[uimhir adamhach]] níos airde ná 82 ([[biosmat]] agus níos airde) éagobhsaí, is é sin, tagann [[meath radaighníomhach]] ar gach iseatóp dá gcuid. Thairis sin, tá dhá dhúil eile ann nach bhfuil iseatóip chobhsaí acu, mar atá, an [[próiméitiam]] agus an [[teicnéitiam]].
 
Tá gach ábhar ceimiceach comhdhéanta de na dúile seo. Aimsítear dúile nua ó am go chéile trí [[imoibriú núicléach|imoibrithe núicléacha]]. Dúile saorga daondéanta iad seo a bhíonn i bhfad níos troime ná na dúile atá ar fáil go nádúrtha, agus iad go léir chomh héagobhsaí is go dtiocfaidh meath radaighníomhach orthu ar an toirt. Má chuirtear na núiclídí - is é sin, iseatóip éagsúla na ndúl go léir - i dtábla a bhfuil líon na bprótón agus líon na neodrón mar aiseanna comhordanáideacha aige, aithneofar na núiclídí cobhsaí - na cinn nach dtagann meath radaighníomhach orthu - mar "ilchríoch na cobhsaíochta" ar an mapa seo, agus é timpeallaithe ag "farraige na héagobhsaíochta", is é sin, is núiclídí radaighníomhacha, éagobhsaí iad an chuid is mó de na núiclídí incheaptha.