An difríocht idir athruithe ar: "Prótachtainiam"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 3:
Miotal lonrach é an prótachtainiam, ach tiocfaidh brat ocsaíde air má choinnítear i dteagmháil leis an aer é.
 
Ba é an fisiceoir Polannach [[Kazimierz Fajans]] a d'aithin an prótachtainiam an chéad uair sa bhliain 1913. Roimhe sin, áfach, bhí an fisiceoir Sasanach, SiorSir [[William Crookes]], in ann prótachtainiam a aonrú, ach níor thuig seisean gur dúil ar leith a bhí ann. Bhaist Fajans ''bréiviam'' ar an dúil nua, ós rud é nach raibh sé fadsaolach - "gearr" nó "gairid" is brí leis an bhfocal Laidine ''brevis''. Nuair a tháinig dhá fhoireann eolaithe - ceann acu sa Ghearmáin (Lise Meitner agus Otto Hahn) agus an ceann eile sa Bhreatain Mhór (Frederick Soddy agus John Cranston) - ar an dúil chéanna beag beann ar a chéile sa bhliain 1918, bhaist siad ''próta-achtainiam'' air. Giorraíodh an t-ainm seo go ''prótachtainiam'' sa bhliain 1949.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tipiciúla ná +IV agus +V, ach tá comhdhúile prótachtainiam ann freisin ina bhfuil na huimhreacha ocsaídiúcháin +II agus +III aige.