An difríocht idir athruithe ar: "Tóiriam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Miotal bog insínte liathlonrach radaighníomhach é an '''tóiriam''' atá ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Is é dúil uimhir a 90 é, agus seasann an tsiombail úd '''...'
(No difference)

Leagan ó 12:23, 24 Aibreán 2010

Miotal bog insínte liathlonrach radaighníomhach é an tóiriam atá ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Is é dúil uimhir a 90 é, agus seasann an tsiombail úd Th dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na hachtanóidigh atá ann. Creidtear go bhfuil sé trí oiread níos coitianta sa dúlra ná an t-úráiniam, agus é measctha tríd na lantanóidigh (na tearcithreacha). Ní úsáidtear tóiriam inniu le leictreachas núicléach a tháirgeadh, ach is an-ábhar díospóireachta é inniu, ar chóir córas nua imoibreoirí a chur ag obair a d'úsáidfeadh tóiriam an dúlra le 233U a phórú a bheadh á n-eamhnú san imoibreoir.

Ba é an ceimiceoir Sualannach Jöns Jacob Berzelius a d'ainmnigh an miotal seo i ndiaidh Thúir, dia na toirní i miotaseolaíocht na Lochlannach, sa bhliain 1828.

Is é +IV an uimhir ocsaídiúcháin is dual don tóiriam ina chuid comhdhúl. Tá an dé-ocsaíd tóiriam, ThO2, an-teasdíonach, agus a leáphointe suite níos airde ná 3000 °C. Bíonn sé deacair an dé-ocsaíd seo a ghlanadh as na heiseamail tóiriam. Mianra nádúrtha í, agus tugtar tóiriainít uirthi i dtéarmaíocht na ngeolaithe.

Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh úsáid ar bith sa tóiriam. Sna 1880idí, áfach, tháinig an cochall gáis ar an bhfód. Is éard atá sa chochall gáis ná cochall a chuirfidh an-solas as nuair a théifear suas le bladhaire gáis é. Is í an dé-ocsaíd tóiriam an t-ábhar is oiriúnaí agus is lú costas le haghaidh na gcochall seo - is féidir ocsaídí lantanóideach a úsáid freisin. Inniu, úsáidtear tóiriam ar an dóigh seo sna gás-soilse campála i gcónaí. Is é tuairim na saineolaithe nach bhfuil mórán dainséir sna soilse seo do lucht na campála féin, ach iad siúd atá ag obair sna monarchana ag táirgeadh na gcochall gáis, caithfidh siad aird a thabhairt ar rialacha diana slándála, ós rud é go mbíonn siad ag láimhseáil an stuif gach lá.