An difríocht idir athruithe ar: "Tóiriam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Miotal bog insínte liathlonrach radaighníomhach é an '''tóiriam''' atá ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Is é dúil uimhir a 90 é, agus seasann an tsiombail úd '''...'
 
No edit summary
Líne 1:
Miotal bog insínte liathlonrach radaighníomhach é an '''tóiriam''' atá ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Is é dúil uimhir a 90 é, agus seasann an tsiombail úd '''Th''' dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na hachtanóidigh atá ann. Creidtear go bhfuil sé trí oiread níos coitianta sa dúlra ná an t-úráiniam, agus é measctha tríd na lantanóidigh (na [[Tearcithir|tearcithreacha]]). Ní úsáidtear tóiriam inniu le leictreachas núicléach a tháirgeadh, ach is an-ábhar díospóireachta é inniu, ar chóir córas nua imoibreoirí a chur ag obair a d'úsáidfeadh tóiriam an dúlra le <sup>233</sup>U a phórú a bheadh á n-eamhnú san imoibreoir.
 
Ba é an ceimiceoir Sualannach Jöns Jacob Berzelius a d'ainmnigh an miotal seo i ndiaidh [[Túr (miotaseolaíocht)|Thúir]], dia na toirní i miotaseolaíocht na Lochlannach, sa bhliain 1828. Is í an fhoinse is tábhachtaí ná an mhonaisít. Mianra í an mhonaisít ina bhfuil fosfáití na dtearcithreach agus an fhosfáit tóiriam measctha trí chéile. Tá gaineamh monaisíte le fáil ina lán áiteanna, go háirithe san India, sa Bhrasaíl agus san Astráil.
 
Is é +IV an uimhir ocsaídiúcháin is dual don tóiriam ina chuid comhdhúl. Tá an dé-ocsaíd tóiriam, ThO<sub>2</sub>, an-teasdíonach, agus a leáphointe suite níos airde ná 3000 °C. Bíonn sé deacair an dé-ocsaíd seo a ghlanadh as na heiseamail tóiriam. Mianra nádúrtha í, agus tugtar tóiriainít uirthi i dtéarmaíocht na ngeolaithe.