An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: it:Constance Markiewicz
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Countess Markiewicz.jpg| mion| upright|Constance Gore-Booth Markiewicz.]]
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí [[Éire|Éireannach]] ab ea í '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''Chúntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] - [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
[[Íomhá:Constance2.gif|mion|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
 
==Laethanta a hÓige==
Líne 8:
 
==Pósadh agus Luathpholaiteoireacht==
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|left|200pxupright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an Cúnta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an Chúntaois Markievicz di.
 
Líne 18:
 
==Éirí Amach na Cásca==
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|An Chúntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
Sa bhliain [[1913]], thug a fear céile a aghaidh ar [[an Úcráin]], agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an Chúntaois páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]], mar shaighdiúir in [[Arm Cathartha na hÉireann]], agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana. B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.
 
Líne 29:
 
Chaith an Chúntaois seal ina hAire Oibreachais ó Mhí Aibreáin [[1919]] go Mí Eanáir [[1922]], ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn, agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1919, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn.
 
 
==An Cogadh Cathartha agus Fianna Fáil==