An difríocht idir athruithe ar: "Sileacan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
|Íomhá=Si-TableImage.png
}}
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''sileacan'''. Is é an [[meáchán adamhach]] atá aige ná 28.0855 g/mol. Is é dúil uimhir a 14, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Sí'''. Is miotalóideach é ar dual dó ceithre nasc ceimiceacha a cheangal, agus is é an dara dúil is coitianta i sceall an Domhain. Ní bhíonn sé le fáil sa dúlra i bhfoirm dúile, ach bíonn na sileacáití - clocha ina bhfuil miotal éigin nasctha de na hiain sileacáite, a bhfuil ocsaigin agus sileacan iontu - iontach coitianta sa dúlra. D'fhéadfá a rá gur sileacáit de chineál éigin atá i bhformhór na gcloch. Comhdhúil choitianta sa nádúr í an [[dé-ocsaíd sileacain]] freisin, SiO<sub>2</sub>, nó an tsilice, atá ar fáil sa dúlra i bhfoirmeacha éagsúla cosúil leis an n[[grianchloch]].
 
Úsáidtear sileacan glan sa leictreonaic. Is leathsheoltóir é an sileacan, agus is féidir seoltacht leictreach an tsileacain a athrú go mionchruinn trí breiseáin a chur leis - is é sin, tríd an sileacan a "dhópáil", mar a deir an béarlagair. Maidir leis na sileacáití nádúrtha agus an dé-ocsaíd, is féidir gloine, ábhar ceirmeach nó ábhar tógála eile a dhéanamh díobh. Tá sileacan sna plaistigh shileacain, nó ''Silicone'', a chuirtear faoi chíocha na mban le cuma níos cobhsaí a chur orthu, mar shampla.
 
Is féidir comhdhúile casta a thógáil ina bhfuil slabhraí d'adaimh shileacain le fáil, ach tríd is tríd, bíonn slabhraí na n-adamh sileacain i bhfad níos laige ná na slabhraí carbóin. Mar shampla, tá na sioláin - SiH<sub>4</sub>, Si<sub>2</sub>H<sub>6</sub> 7rl - níos éagobhsaí ná na comhdhúile analógacha carbóin (na halcáin), agus is dual do na sioláin dul trí thine as a stuaim féin.
 
{{síol}}