An difríocht idir athruithe ar: "Sileacan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Úsáidtear sileacan glan sa leictreonaic. Is leathsheoltóir é an sileacan, agus is féidir seoltacht leictreach an tsileacain a athrú go mionchruinn trí breiseáin a chur leis - is é sin, tríd an sileacan a "dhópáil", mar a deir an béarlagair. Maidir leis na sileacáití nádúrtha agus an dé-ocsaíd, is féidir gloine, ábhar ceirmeach nó ábhar tógála eile a dhéanamh díobh. Tá sileacan sna plaistigh shileacain, nó ''Silicone'', a chuirtear faoi chíocha na mban le cuma níos cobhsaí a chur orthu, mar shampla.
 
Déanann an sileacan páirt thábhachtach i meitibileacht na bplandaí, ach ní bhíonn ach iarsmaí de ag teastáil ó na hainmhithe.
Is féidir comhdhúile casta a thógáil ina bhfuil slabhraí d'adaimh shileacain le fáil, ach tríd is tríd, bíonn slabhraí na n-adamh sileacain i bhfad níos laige ná na slabhraí carbóin. Mar shampla, tá na sioláin - SiH<sub>4</sub>, Si<sub>2</sub>H<sub>6</sub> 7rl - níos éagobhsaí ná na comhdhúile analógacha carbóin (na halcáin), agus is dual do na sioláin dul trí thine as a stuaim féin.
 
Is féidir comhdhúile casta a thógáil ina bhfuil slabhraí d'adaimh shileacain le fáil, ach tríd is tríd, bíonn slabhraí na n-adamh sileacain i bhfad níos laige ná na slabhraí carbóin. Mar shampla, tá na sioláin - SiH<sub>4</sub>, Si<sub>2</sub>H<sub>6</sub> 7rl - níos éagobhsaí ná na comhdhúile analógacha carbóin (na halcáin), agus is dual do na sioláin dul trí thine as a stuaim féin.
 
Dúil sách támh é an sileacan, ach imoibríonn sé leis na substaintí alcaileacha agus leis na halaiginí. An chuid is mó de na haigéid, áfach, ní féidir leo a dhath a dhéanamh dó, amach ó mheascáin áirithe a bhfuil [[aigéad nítreach]] agus fluairíd hidrigine iontu.
 
Tá trí iseatóp cobhsaí ag an sileacan: <sup>28</sup>Si, arb é an t-iseatóp is cobhsaí (92.23 % de shileacan an dúlra), <sup>29</sup>Si (4.67 %) agus <sup>30</sup>Si (3.1 %). Tá iarsmaí den iseatóp radaighníomhach úd <sup>32</sup>Si ar fáil sa dúlra freisin, nó claochlaíonn an radaíocht chosmach an t-argón go sileacan den iseatóp seo.
 
Déantar sileacan trí dhé-ocsaíd sileacain a théamh suas go 1,900 °C i stuafhoirnéis leictreach, agus leictreoidí carbóin á n-úsáid leis an stua leictreach a ghineadh. Nuair a bheidh an fhoirnéis sách te, tosóidh an carbón ag dí-ocsaídiú na dé-ocsaíde go sileacan, agus an carbón féin á n-ocsaídiú go dé-ocsaíd agus aonocsaíd carbóin. Fágfar an sileacan leáite thíos in íochtar na foirnéise, agus ansin, draenálfar as an bhfoirnéis é agus ligfear dó fuarú síos. An sileacan seo, tugtar sileacan den ghrád miotalóireachta air, agus bíonn sé 98 % ar íonacht. Má theastaíonn uainn sileacan níos glaine, áfach, is fearr dúinn silice a leá agus a leictrealú.
 
Tá criostail an tsileacain cosúil leis an diamant, is é sin, tá struchtúr ciúbach éadanláraithe acu.
 
{{síol}}