An difríocht idir athruithe ar: "Carl von Linné"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: dsb:Carl von Linné
m róbat ag suimiú: az:Karl Linney; cosmetic changes
Líne 16:
 
== Beathaisnéis ==
Rugadh Carl Linnaeus i [[Råshult]], i gcúige [[Småland]] i ndeisceart na [[An tSualainn|Sualainne]]. Bhí a athair agus a sheanathair ina ministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéar diagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir. Thug dochtúir áitiúil leighis spreagadh dó dul leis an [[luibheolaíocht]], ó ba léir go raibh suim aige sna plandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, chuir a athair an mac go h[[Ollscoil Lund]], arbh í an ollscoil ba chóngaraí í. Bhí gairdín luibheolaíochta Lund fágtha gan saothrú, rud a bhain an-mhealladh as Carl óg, agus sa bhliain a bhí chugainn, d'aistrigh sé go h[[Ollscoil Uppsala]].
 
Bhí saol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil [[Olof Celsius]] sa bhliain 1729. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.
Líne 22:
== An Córas Linnaech ==
 
Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an [[ainmníocht déthéarmach]] a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an ''tacsanomaíocht Linnaech'' - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.
 
Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an ríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le ríocht na n-ainmhithe nó ríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na b''Protista'' ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt tacsón gan ainm faoi bhunrang an speicis.
Líne 63:
[[ar:كارولوس لينيوس]]
[[ast:Carlos Linneo]]
[[az:Karl Linney]]
[[bar:Carl von Linné]]
[[bat-smg:Karls Liniejos]]