An difríocht idir athruithe ar: "Medellín"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: uk:Медельїн; cosmetic changes
m róbat ag suimiú: km:ទីក្រុងមេឌេយីណ; cosmetic changes
Líne 26:
 
 
== Sanasaíocht an ainm Medellín ==
[[Íomhá:Diego Velázquez 032.jpg|right|thumb|100px|[[Mariana na hOstaire]].]]Bhí Medellín ainmnithe as an baile Metellium , Hispania. Bhunaigh [[Quintus Caecilius Metellus Pius]] é sa bhliain 75 R.Ch. Tá Metellium nó Medellín an lae inniu suite gearr do [[Badajoz]], cúige de chuid [[Extremadura]], sa Spáinn.
 
Líne 32:
 
D'iarr an Cunta Count Pedro Portocarrero y Luna, Uachtarán Chomhairle na nIndiacha Thiar (Consejo de Indias), ar mhonarcacht na Spáinnean ainm a bhaile, Medellín in Extremadura, a thabhairt don lonnaíocht nua i Meiriceá. Glacadh leis an t-iarratas ar an 22 Samhain, sa bhliain 1674, nuair a d'fhógair an Leasrí Mariana na hOstaire go mbeadh an t-ainm ''Villa de Nuestra Señora de Medellín'' feasta air an chathair. Thug an Gobharnóir, Miguel Aguinaga y Mendiogoitia, an forógra oifigiúla amach , ar an 2 Samhain, sa bhliain 1675. Dheonaigh Mariana armas chun na cathrach ar an 24 Meitheamh, 1676.
== Stair ==
=== Indiaigh Mheiriceá ===
Tá fianaise sheandálaíochta ann go raibh daoine ina gcónaí i nGleann Aburrá ó 10,500 bliain ó shin, agus gur fiagaithe cnuasaitheoirí iad.
D'aimsigh coilínigh Spáinneacha treibheanna ar nós na hAburrá, na Yamesí, na Pequé, na hEbejico, na Norisco, agus na Maní a chónaigh sa ghleann ón gcúigiú haois. Thug na hAburrá a n-ainm don ghleann. Ba fheirmeoirí iad a d'fhás pónairí, arbhar Indiach, agus cadás. D'fhigh siad agus mhaisigh siad teicstílí. Dhíol siad salainn agus ba ghaibhneoirí óir iad. Faoi riail na Spáinne, chaill siad a gcuid talún a bhí faoi réir córas feodach rialtais. Cuireadh go leor chun na mianaigh. Chuaigh siad in éag, ar a laghad ón ghleann, de bharr na breoiteachta a thionscain na hEorpaigh, chomh maith leis an obair chrua agus an chóir mífhabhrach a bhfuair siad. Is féidir teacht ar daoine a bhaineann leis na hAburrá fós i réigiúin eile Stáit Antioquia, mar na hUrabá agus ins na réigiún san iarthair agus ó dheas.
 
 
== Fionnachtain Spáinneach an ghleanna ==
 
[[Íomhá:Jorge Robledo-Busto-Medellin.JPG|thumb|left|110px|An Marascal Jorge Robledo.]]I Lúnasa na bliana 1541, bhí an Marascal Jorge Robledo san áit ar a dtugtar Heliconia air an lae inniu nuair a chonaic sé i gcéin uaidh áit a cheap sé a bhí ina ngleann. Chuir sé Jerome Louis Tejela ar aghaidh chun taiscéaladh a dhéanamh ar an chríoch, agus le linn oíche an 23 Lúnasa shroich Tejela an mhá ar a bhfuil Medellín anois. Thug na Spáinnigh Ghleann Naomh Bairtliméid (el valle de San Bartolomé) air an áit.
Líne 65:
[[it:Medellín (Colombia)]]
[[ja:メデリン]]
[[km:ទីក្រុងមេឌេយីណ]]
[[ko:메데인]]
[[lt:Medeljinas]]