An difríocht idir athruithe ar: "Gloine"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
 
Is éard atá sa '''ghloine''' ná [[solad dímhorfach]] trédhearcach a ndéantar pánaí fuinneoige agus soithí bia as. Nuair a thráchtar ar ghloine gan a bheith ag sainiú cén cineál gloine atá i gceist, is í an ghloine sóide agus aoil a bhíonn i gceist, is é sin, gloine a bhfuil an tsileacáit [[sóidiam]] dhímhorfach ar an gcomhábhar is tábhachtaí di. Déantar gloine tríd na comhábhair (sóid - is é sin, carbónáit sóidiam -, [[aol]], dolaimít, dé-ocsaid [[Sileacan|sileacain]], ocsaíd [[Alúmanam|alúmanaim]], agus beagáinín den tsulfáit sóidiam nó den chlóiríd sóidiam) a théamh i bhfoirnéis suas go 1675°C. Is féidir dath a chur sa ghloine le breiseáin éagsúla. Mar shampla, cuirtear ocsaíd [[Iarann|iarainn]] leis an meascán le dath ruadhearg a fháil. Is minic a úsáidtear mianraí nádúrtha in áit ceimiceán glan - [[tróna]] in áit na sóide, gaineamh in áit na dé-ocsaíde sileacain, nó [[iathchloch]], a bhfuil idir shileacáit, alúmanam, agus cailciam ann.
 
 
Baintear úsáid as an ngloine i mórán bealaí éagsúla, go príomha i bhfuinneoga, toisc gur trédhearcach agus foscach an t-ábhar é. I bhfoirgneaimh agus gluaisteáin is minice a úsáidtear sa chaoi seo é. Anuas air sin is minic do ghloine bheith i bhfoirm ghloine dí, sé sin rud as a óltar.
 
{{síol}}