An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 51:
Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha éagsúla ar an mBútáin, cosúil le "Lho Mon" (talamh theas an dorchadais), Lho Tsendenjong (talamh theas na cufróige), "Lhomen Khazhi" (talamh theas na ceithre rochtain) agus "Lho Men Jong" (talamh theas na luibheanna míochaine).[7]
== Staire ==
Tá fiannaise ann ó a léithéid d'uirlisí clocha, d'airm, de chnámha eilifintí agus d'iarsmaí de structúir déanta de chlocha mhóra gur lonnaigh daoine sa Bhútáin chomh luath le 2000 R.C., cé ná maireann aon taifid scríofa ón ré sin.
Níl móran eolas againn maidir le luathstair na Bútáine ach an oiread ós rud é gur milleadh an chuid is mó de na taifid scríofa a bhain léi i dtine mhór sa phríomhchathair Punakka sa bhlian 1827 [12]. 'Sé turas an Budaí noafa, Padma Sambhava, sa bhliain 747, an eachtra is luaithe sa Bhútáin go bhfuil trácht againn air. [11].
Faoín 10ú aoise, bhí dlúthcheangil idir forbairti polaitaíocta na tíre agus an reiligúin. D'eascair fosheicteanna Búdaíochta faoí choimirce thaoiseach éagsúla mhongólacha. Tar éis imeacht na mongólach san 14ú aoise, chuaigh na fosheicteanna in iomaíocht lena chéile agus faoí 16ú aoise, ba iad na Drukpa, ceann des na fo-sheicteanna so, a chuaigh i gcinsealacht.
Chomhaontaigh an láma Tibéideach agus ceanaire airm Shabdrung Ngawang Namgyal limistéar na Bútáine san 17ú aoise. Bhí sé féin ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Chun na tíre a chosaint ó ionsaithe ón Tibéid, Thóg Namgyal sraith dzong (nó dúnfort) láidir agus agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smact a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith des na dzong fós le feiscint agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do ceantair éagsúla.
Timpeall 1627, Ba iad Estêvão Cacella ,an tÍosánach Portaingéalach agus sagart eile na chéad Eorpaigh atá ar taifead a tháinig chun na Bútáine agus iad ar a slí chun na Tíbéide. Bhuaileadar le Ngawang Namgyal . Bhronnadar airm, púdar agus teileascóp air agus thairgaíodar fónamh a dhéanmh dó in aghaidh na Tibéideach, rud a dhiúltaigh sé.
|