An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Rúise"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fr:Empire russe
→‎An Dara hAlastair: ÍomháLeathan
Líne 259:
Fuair Alastair é féin in abar de réir a chéile, nó ní raibh sé ábalta ag seachthorthaí a chuid polasaithe. Sin é an phríomhdheacracht le stát uathlathais: nuair atá aon duine amháin i gceann na gcúrsaí, agus é ag cinneadh ar leasú a dhéanamh ar an tsochaí, ar ndóighe níl sé in ann a theacht roimh na seachthorthaí ná súil aige leo; agus na daoine féin, níl cead acu a gcuid mioncheartuithe-san a dhéanamh ar an leasú a bhrúigh an Sár anuas orthu, ná fiú a saol féin a chur in atheagar leis na hiarmhairtí gan choinne a sheasamh ní b'fhearr. Níl aon solúbthacht i gcóras an uathlathais Impiriúil. Mar sin, ba dual córais d'Alastair brachán a dhéanamh de na leasuithe, siúd is nach féidir mórán locht a fháil ar a dhea-thoil ná ar a ionraiceas.
 
Bhí fadhbanna ag Alastair leis an [[An Pholainn|bPolainn]], fosta. Tháinig le mo dhuine an chuid ba saibhre d'uasalaicme na tíre a chealgadh chun comhoibriú, ach má tháinig, bhí an chuid eile den náisiún chomh reibiliúnta is a bhí riamh. Sa bhliain 1863, d'éirigh na Polannaigh amach arís mar ba ghnách, cloíodh iad mar ba ghnách, agus d'imigh ainm na Polainne féin de mhapaí oifigiúla na Rúise: is é an t-ainm a baisteadh ar an tír sin ná Privislinye, nó an cúige chois na habhainne úd Wisła (Vistula as [[Béarla]], Weichsel as [[Gearmáinis]]).
 
{{ÍomháLeathan|1867 Moscow panorama megapanorama.jpg|4000px|Moscó sa bhliain 1867}}
 
==== Fréamha an Radacachais sa Rúis ====