An difríocht idir athruithe ar: "Gloine"

Content deleted Content added
revert: no new information added, only bad grammar
No edit summary
Líne 2:
 
Is éard atá sa '''ghloine''' ná [[solad dímhorfach]] trédhearcach a ndéantar pánaí fuinneoige agus soithí bia as. Nuair a thráchtar ar ghloine gan a bheith ag sainiú cén cineál gloine atá i gceist, is í an ghloine sóide agus aoil a bhíonn i gceist, is é sin, gloine a bhfuil an tsileacáit [[sóidiam]] dhímhorfach ar an gcomhábhar is tábhachtaí di. Déantar gloine tríd na comhábhair (sóid - is é sin, carbónáit sóidiam -, [[aol]], dolaimít, dé-ocsaid [[Sileacan|sileacain]], ocsaíd [[Alúmanam|alúmanaim]], agus beagáinín den tsulfáit sóidiam nó den chlóiríd sóidiam) a théamh i bhfoirnéis suas go 1675°C. Is féidir dath a chur sa ghloine le breiseáin éagsúla. Mar shampla, cuirtear ocsaíd [[Iarann|iarainn]] leis an meascán le dath ruadhearg a fháil. Is minic a úsáidtear mianraí nádúrtha in áit ceimiceán glan - [[tróna]] in áit na sóide, gaineamh in áit na dé-ocsaíde sileacain, nó [[iathchloch]], a bhfuil idir shileacáit, alúmanam, agus cailciam ann.
 
Tá páirt ríthábhachtach ag an ngloine sa tionsclaíocht agus san eolaíocht araon. Tugtar gloine leacaithe ar an gcineál a ndéantar pánaí fuinneoige as. Maidir leis na soithí is na coimeádáin, séidtear suas ina mboilgeoga gloine leáite iad ar dtús le múnla a chur ina dtimpeall ansin chun an cruth ceart a fháil. Is féidir úsáid a bhaint as [[Snáithínghloine|snáithíní gloine]] leis an bplaisteach nó an choincréit a neartú.
 
Cé go bhfuil an ghloine sobhriste, tá sí sách díonta ar [[Imoibrí|imoibrithe]] láidre ceimiceacha, cosúil leis na haigéid agus na bunanna. Is iad an fluairín agus an fhluairíd hidrigine is réidhe a chreimeann í, ach is féidir aigéad nítreach agus aigéad sulfarach a choinneáil i dtaisce i gcoimeádáin ghloine.
 
{{síol}}