An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"
Content deleted Content added
Naisc eile |
No edit summary |
||
Líne 1:
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun [[na Sé Chontae]] a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]].
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír, baineadh an-chuid úsáide as na portaigh chun móin a sholáthar do na bailte móra in áit an ghuail a bhí á iomportáil ón [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]] go dtí sin, agus méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach sa bh[[Fórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall in aghaidh ionradh ó gach taobh. ▼
De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar ''The History of Northern Ireland'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an Naitsíochas ag iarraidh an Chríostaíocht a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha an tsaoil, an mbeadh sé sásta [[an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hAontachtóirí i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na gCaitliceach, ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír, baineadh an-úsáid as na portaigh chun móin a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann. Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe Glúin na Buaidhe (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] ina bun. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].
▲
Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn orthu a raibh "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].
|