An difríocht idir athruithe ar: "Neoidríonó"

Content deleted Content added
No edit summary
Refs
Líne 1:
[[cáithnín fo-adamhach|Buncháithnín fo-adamhach]] gan [[lucht leictreach]], atá ar beagán maise, is ea an '''neoidríonó'''. Cineál [[leaptón|leaptóin]] is ea é, leis, agus mar sin is [[fearmón]] é chomh maith. Tá trí shaghas de neoidríonó ann: neoidríona an leictreoin (ν<sub>e</sub>), neoidríonó an mhúóin (ν<sub>μ</sub>), agus neoidríonó an tau (ν<sub>τ</sub>).<ref>http://www.ps.uci.edu/~superk/neutrino.html</ref> Toisc nach bhfuil [[lucht leictreach]] ná [[lucht datha]] acu, ní bhaineann aon idirghníomhaithe do neoidríonó seachas an t-[[idirghníomhú lag]], mar aon le fórsa na [[imtharraingt|himtharraingthe]]. Toisc go bhfuil an t-idirghníomhú lag i bhfad níos laige ná an t-[[idirghníomhú láidir]] ná an [[leictreamhaighnéadas]], is annamh a bhíonn aon idirghníomhú idir neoidríonó agus damnha eile, agus is féidir le neoidríonó gluaiseacht trí achar fada damhna gan aon bhac. Mar shampla, téann na billiúin neoidríonónna trí chorp duine gach soicind gan stad agus gan rian dá ngluaiseacht a fhágáil.
 
[[File:Sudbury sno.jpg|thumb|upright|Brathadóir neoidríonónna (Sudbury, Ceanada)]]
Cruthaítear neoidríonónna de thoradh imoibrithe núicléacha de ghnáth. Tá aschur neoidríonónna ón n[[grian]] flúirseach go leor, agus deintear leis iad in imoibreoirí núicléacha. Dhein an [[Ollphléasc]] neart díobh freisin, agus ceaptar go dtagann mórchuid d'fhuinneamh ollnóva amach i bhfoirm neoidríonónna.
 
Cheaptaí tráth nach raibh [[mais]] ar bith ag neoidríonónna, ach tá a fhios ag fisiceoirí anois nach fíor é sin ar fad, ach go bhfuil mais thar a bheith beag ag neoidríonónna. Is de bharr fionnachtana a dhein turgnaimh éagsúla, go háirithe "Super-Kamiokande" sa [[An tSeapáin|tSeapáin]] agus an "Sudbury Neutrino Observatory" i g[[Ceanada]], atá an t-eolas seo againn anois.<ref>{{cite web |date=4 Nollaig 2001 |teideal=The Sudbury Neutrino Observatory – Canada's eye on the universe |url=http://cerncourier.com/cws/article/cern/28553 |work=CERN Courier |foilsitheoir=[[CERN]]}}</ref> Fuair na turgnaimh seo gur féidir le neoidríonó de shaghas amháin (ν<sub>μ</sub>, mar shampla) a thiontú go neoidríonó de shaghas eile. Ní féidir an claochlú seo mara bhfuil beagán maise ag neoidríonónna. Ceaptar go bhfuil mais an neoidríonó is troime idir 0.05-0.30 eV---níos mó ná milliún uair níos éadroime ná [[leictreon]]. Tugtar ascalúchán neoidríonó ar an gclaochlú seo, agus tá roinnt tionscadal ar bun inniu (mar shampla, [[T2K]]) chun an feiminéan a scrúdú níos beaichte.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:leaptóin]]