An difríocht idir athruithe ar: "Idirghníomhú láidir"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an rud is an t-idirghníomhú láidir ann ná idirghníomhú, nó fórsa, idir dhá chuarc, idir chuarc agus glúón, nó idir cáithníní com...' |
No edit summary |
||
Líne 3:
Is í "crómaidinimic an chandaim" an teoiric a mhíníonn iompar an idirghníomhaithe láidre. Dar leis an teoiric seo, tá cineál luchta ag cuarcanna agus glúóin, nach ionann é agus [[lucht leictreach]], ar a dtugtar "dath". Tá trí dhath ann: dearg, gorm, and uaine. Ní fíordhathanna infheiscithe atá i gceist, dar ndóigh, ach cuireann na hainmneacha seo síos go gonta ar an bhfíric gur féidir trí luach difriúla a bheith ag an lucht seo. Glacann dath cáithnín an pháirt sa bhfórsa láidir a ghlacann an lucht leictreach sa leictreamhaighnéadas. Chun barón a dhéanamh as trí chuarc ní foláir trí chuarc le trí dhath dhifriúla a bheith ann, agus deirtear go bhfuil an barón ina iomlán "gan dath", sa tslí chéanna gur gcruthaítear solas bán ó soilse dearga, uaine, agus gorma a mheascadh le chéile.
Faoi mar a iompraíonn
Ceann de na tréithe is sainiúla a bhaineann leis an bhfórsa láidir ná nach féidir teacht ar cháithnín daite ina aonar, ach amháin nuair atá sé mar chuid de cháithnín comhdhéanta nach bhfuil a dhath féin aige. Tugtar [[braighdeanas na gcuarcanna]] air seo. Mar sin, níl ann d'aon chuarc aonarach. Ceaptar go bhfuil an fórsa láidir chomh láidir nach féidir cuarc aonarach a bhaint as cáithnín eile fiú. De réir na teoirice, is gá go bhfuil aon cháithnín aonarach bán, nó "gan dath". I gcás baróin, ciallaíonn sé sin go bhfuil aon chuarc dearg, aon chuarc uaine, agus aon chuarc gorm laistigh de. Is cás [[méasón|méasóin]], atá déanta as cuarc agus fríthchuarc, ní foláir dath amháin a bheith ag an gcuarc agus a fhríthdath an an bhfríthchuarc. Toisc nach féidir luchtanna datha aonaracha a bheith ann, bíonn raon gearr ag an bhfórsa láidir, mar má bhíonn tú i bhfad ó cháithnín atá déanta as cuarcanna, cealaíonn na cuarcanna le dathanna éagsúla fórsaí a chéile. Ní bhíonn an cealúchán foirfe, áfach, gar don cháithnín.
|