An difríocht idir athruithe ar: "Cuarc"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 4:
Is iad na cuarcanna atá de dhíth leis an neodrón is an prótón a dhéanamh ná an t-uaschuarc is an t-íoschuarc. Thairis sin, tá an barrchuarc (nach ionann é agus an t-uaschuarc), an bunchuarc (nach ionann é agus an t-íoschuarc), an briochtchuarc is an cuarc aduain ann. Deirtear go bhfuil ''blas'' ar leith ag gach cineál cuarc. Níl ann ach iarracht le tréithre na gcuarcanna a dhéanamh intuigthe, nó déanta na fírinne, is beag lorg díreach a fhágann na cuarcanna is a saintréithre ar an saol laethúil. Tá na hadaimh agus a gcuid comhábhar, mar atá, na prótóin, na neodróin agus na leictreoin, i bhfad níos cóngaraí dár réaltacht féin.
 
Tá trí leagan ann do gach cuarc, nach bhfuil de dhifear eadarthu ach luach an "[[idirgnhíomhúidirghníomhú láidir#dath|lucht datha]]" atá ag gach ceann. Mar shampla, tá trí shórt uaschuairc ann: uaschuarc déarg, uaschuarc uaine, agus uaschuarc gorm. Ní fíordhathanna infeiscithe atá i gceist, mar nach bhfuil sna ainmneacha sin ach lipéid chun an trí shórt a idirdhealú. Tá na dathanna cosúil le lucht leictreach. go bhfuil dá shórt ann (lucht leictreach deimhneach agus lucht leictreach diúltach), ach i gcás [[idirghníomhú láidir|idirghníomhaithe láidre]] tá trí luach ann den lucht a dhéanann an fórsa láidir: lucht dearg, lucht uaine, and lucht gorm. Chun [[barón]] a dhéanamh as trí chuarc ní foláir trí chuarc le trí dhath dhifriúla a bheith ann, agus deirtear go bhfuil an barón ina iomlán "gan dath", sa tslí chéanna gur gcruthaítear solas bán ó soilse dearga, uaine, agus gorma a mheascadh le chéile.
 
Is í an airí is tábhachtaí atá ag na cuarcanna ná an [[braighdeanas na gcuarcanna|braighdeanas]] ina bhfanann siad taobh istigh de na hadróin, agus an t-[[idirghníomhú láidir]] á gcoinneáil le chéile. Mar sin, ní féidir sonrú a chur iontu ach go hindíreach. Sin fíric atá bunaithe ar na breathnuithe praicticiúla, níos mó ná ar aon teoiric. Déanta na fírinne, níl braighdeanas na gcuarcanna mínithe go sásúil go fóill. Creidtear gur toradh é do [[idirghníomhú láidir|chrómaidinimic an chandaim]], an teoiric is nua-aimseartha atá ann leis an idirghníomhú láidir a mhíniú. Ní féidir, áfach, an braighdeanas a chur in iúl go matamaiticiúil mar thátal a bhainfeá as an gcrómaidinimic. Caithfear dul i dtuilleamaí na teoirice ar a dtugtar teoiric tomhais na laitísí leis an mbraighdeanas a mhíniú ar bhealach na matamaitice.