An difríocht idir athruithe ar: "Idirghníomhú láidir"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is é an rud is an t-idirghníomhú láidir ann ná idirghníomhú, nó fórsa, idir dhá chuarc, idir [[cuarc|chuarc]] agus [[ghlúon|glúón]], nó idir cáithníní comhdhéanta de chuarcanna nó glúóin. Ceanglaíonn an t-idirghníomhú láidir cuarcanna le chéile laistigh de [[barón|bharón]] ar nós an phrótóin nó an neoidreoin. Cruthaíonn sé leis an fórsa a ceanglaíonn [[núicleon|núicleoin]] le chéile i [[núicléas]]. Tugtar "láidir" ar an idirghníomhú seo toisc go bhfuil sé i bhfad níos láidre ná aon fhórsa eile. Cé gurb é "an t-idirghníomhú láidir" an gnáth-théarma a thugtar ar an bhfórsa seo, tugtar "an fórsa láidir", "an fórsa láidir núicléach", agus "an fórsa datha" air freisin.
 
[[dath|== Lucht datha]] ==
 
Is í "crómaidinimic an chandaim" an teoiric a mhíníonn iompar an idirghníomhaithe láidre. Dar leis an teoiric seo, tá cineál luchta ag cuarcanna agus glúóin, nach ionann é agus [[lucht leictreach]], ar a dtugtar "dath". Tá trí dhath ann: dearg, gorm, and uaine. Ní fíordhathanna infheiscithe atá i gceist, dar ndóigh, ach cuireann na hainmneacha seo síos go gonta ar an bhfíric gur féidir trí luach difriúla a bheith ag an lucht seo. Glacann dath cáithnín an pháirt sa bhfórsa láidir a ghlacann an lucht leictreach sa leictreamhaighnéadas. Chun barón a dhéanamh as trí chuarc ní foláir trí chuarc le trí dhath dhifriúla a bheith ann, agus deirtear go bhfuil an barón ina iomlán "gan dath", sa tslí chéanna gur gcruthaítear solas bán ó soilse dearga, uaine, agus gorma a mheascadh le chéile.