An difríocht idir athruithe ar: "Neoidríonó"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[cáithnín fo-adamhach|Buncháithnín fo-adamhach]] gan [[lucht leictreach]], atá ar beagán maise, is ea an '''neoidríonó'''. Cineál [[leaptón|leaptóin]] is ea é, leis, agus mar sin is [[fearmón]] é chomh maith. Tá trí shaghas de neoidríonó ann: neoidríona an leictreoin (ν<sub>e</sub>), neoidríonó an mhúóin (ν<sub>μ</sub>), agus neoidríonó an tau (ν<sub>τ</sub>).<ref>http://www.ps.uci.edu/~superk/neutrino.html</ref> Toisc nach bhfuil [[lucht leictreach]] ná [[idirghníomhú láidir#lucht datha|lucht datha]] acu, ní bhaineann aon idirghníomhaithe do neoidríonó seachas an t-[[idirghníomhú lag]], mar aon le fórsa na [[imtharraingt|himtharraingthe]]. Toisc go bhfuil an t-idirghníomhú lag i bhfad níos laige ná an t-[[idirghníomhú láidir]] ná an [[leictreamhaighnéadas]], is annamh a bhíonn aon idirghníomhú idir neoidríonó agus damnha eile, agus is féidir le neoidríonó gluaiseacht trí achar fada damhna gan aon bhac. Mar shampla, téann na billiúin neoidríonónna trí chorp duine gach soicind gan stad agus gan rian dá ngluaiseacht a fhágáil.
 
[[File:Sudbury sno.jpg|thumb|upright|Brathadóir neoidríonónna (Sudbury, Ceanada)]]