An difríocht idir athruithe ar: "Glúón"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: id:Gluon
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
De réir [[idirghníomhú láidir|chrómaidinimic an chandaim]], is é an '''glúón''' bunaonad nó candam fuinnimh an t-idirgnhíomhú láidir. Faoi mar a iompraíonn [[fótón|fótóin]] an [[leictreamaighnéadas|fórsa leictreamaighnéadach]] idir dhá cháithnín atá luchtaithe le [[lucht leictreach]], iompraíonn glúoin an fórsa láidir idir dhá cháithnín le [[idirghníomhú láidir#lucht datha|lucht datha]]. Ach i gcodarsnacht le fótóin, a bhaineann le luchtanna leictreacha gan lucht a bheith acu féin, tá na glúóin féin daite mar aon leis na [[cuarc|cuarcanna]]. Dá bhrí sin, is féidir le glúón amháin greamú do ghlúóin eile.
De réir [[Teoiric an Chandaim|Theoiric an Chandaim]], is é an '''glúón''' bunaonad nó candam fuinnimh an neart eithneach láidir.
 
Níl mais ar bith ag an nglúón, agus tá 1 aonad de ghuairne aige, a chiallaíonn gur [[bósón]] é. Tá an glúón ar aon dul leis an bhfótón sa mhéid seo. Tá 8 gcinn de ghlúóin ann, i [[idirghníomhú láidir#lucht datha|dathanna]] éagsúla. Ós rud é go n-iompraíonn glúóin lucht datha diri chuarcanna, caithfear go bhfuil dath agus fríthdhath ag gach glúón. Mar shampla, má chuireann cuarc dearg amach glúón chun go dtiontaíonn sé ina chuarc gorm, caithfear go n-iompraíonn an glúón sin 1 aonad de lucht dearg agus 1 aonad de lucht fríthghorm (nó, más fearr leat, -1 aonad de lucht gorm). Ós rud é go bhfuil trí dhath agus trí fhríthdath sa teoiric, cheapfaí b'fhéidir go mb'amhlaidh go mbeadh 3x3=9 glúón ann, ach de réir na teoirice nach ceadmhach do theanglaim shiméadrach gan dath, agus mar sin níl ann do cheann amháin de na 9 nglúón go mbeifí ag súil leis.
 
{{stumpa}}