An difríocht idir athruithe ar: "Guairne"

Content deleted Content added
m róbat ag baint: ga:Guairne
m MOS
Líne 1:
Cineál de [[móiminteam uilleach|mhóiminteam uilleach]] a bhíonn ag cáithnín is ea an '''ghuairne'''. Tá guairne shainiúil ag gach aon cháithnín, agus de réir [[teoiric an chandaim|theoiric an chandaim]] ní foláir do ghuairne a bheith candamaithe. Ní ceadmhach mar luach guairne ach iolraí slánuimhreach nó leathshlánuimhreach de <math>\hbar</math>, an [[tairiseach Planck]] laghdaithe (<math>\hbar = h/2\pi = 1.05 \times 10^{-34} J \cdot s</math>).
 
Maidir le [[buncháithnín|buncháithníní]], ar nós [[cuarc]]anna, [[leaptón|leaptóin]], agus na [[bósón|bósóin]] a thraschuireann idirghníomhaithe bunúsacha, bíonn guairne intreach acu. Níl sé ceart a shamhlú go bhfuil na cáithníní seo ag rothlú; is féidir guairne a bheith ag cáithnín nach bhfuil fostruchtúr aige fiú. I gcás cáithnín go bhfuil cáithníní eile istigh ann ([[prótón]], mar shampla, atá déanta as trí chuarc), cuireann an móiminteam uilleach fithiseach atá ag na focháithníní, atá ag fisithiú timpeall a chéile, le guairiní intreacha na gcáithníní, chun guairne iomlán an cháithnín a dhéanamh.