An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Tháinig tús le sibhialtacht sa [[An Ghréig|Ghréig]] thart ar 3000 R.Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an
[[Íomhá:Athens Acropolis.jpg|thumb|260px|Acrapail nó ''cathair ard'' na [[An Aithin|hAithne]]]]
Cé go raibh tionchar mór ag na Mionóigh ar stair na Gréige, ceaptar nár Ghréagaigh iad ó thaobh a dteangan de. Tháinig
Ina dhiaidh sin, is féidir stair na Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta:
Líne 8:
* ''An Ré Chlasaiceach''
* ''An Ré Heilléanaíoch'' timpeall 337-146 R.Ch.
* ''An Ré Rómhánach", ó 146 R.Ch. go dtí 476 A.D.
Ag tús
Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R.Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.
Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach. Is sa tréimhse seo a bhí [[Cogadh na Peilipinéise]] idir [[Sparta]] agus an Aithin,
Theip ar an seanchóras politiúil seo i 337 R.Ch. nuair a d'éirigh le [[Philip II]], rí na Macadóine, cathracha na Gréige a chur faoi smacht, agus don chéad uair riamh bhí iomlán na Gréige féin faoi smacht ag rialtas amhái. (Lean na cathracha Gréagacha san Iodáil agus sa tSicil mar cathracha neamhspleácha, áfach.) Tháinig a mhac [[Alastar Mór]] ina chomharba ar Philip, agus d'éirigh leis, mar aon le harm mór Macadónach is Gréagach, ionradh a dhéanamh ar an Impireacht Pheirseach agus an impireacht sin ar fad a ghabháil. Leath an bua seo an cultúr Gréagach thar leath na cruinne, ón Éigipt aniar go dtí an Ind. Scoilteadh impireacht Alastair Mhóir tar éis a bháis ina ríochtaí neamhspléacha, agus ceaptar bás Alastair mar tús leis an Ré Heilléanaí.
Ghabh [[Róimh|na Rómhánaigh]] an Ghréig i 146 R.Ch., agus bhí sí mar chuid lárnach den [[Impireacht Rómhánach]] feasta.
Is as cultúr na Sean-Ghréige a thagann bunús chultúr Iarthar an domhain. Mhair beirt de na fealsúna is mó i stair an domhain, [[Platón]] (429-347 R.CH.) agus [[Arastotail]] (384-322 R.Ch.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - [[an Platónachas]] agus [[an tArastotaileachas]].
Tháinig deireadh le cumhacht na Sean-Ghréige nuair a ghabh na Rómhánaigh í mar chuid dá n-impireacht i 146 R.Ch. D'ainneoin go raibh an lámh in uachtar ag na Rómhánaigh maidir leis an gcumhacht pholaitiúil de, bhí tionchar as cuimse ag cultúr na Gréige ar an impireacht.
Cé gur thit an Impireacht san Iarthar as a chéile sa deireadh, lean an Impireacht san Oirthear mar chomharba uirthi, agus ba impireacht Ghréagach í feasta, go dtugtar an Impireacht Biséantach uirthi anois.
==Cúrsaí creidimh==
|