An difríocht idir athruithe ar: "Fealsúnacht"

Content deleted Content added
No edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 46:
Is minic a chuimhnítear ar an bhfealsúnacht mar nós beatha seachas mar mheabhrú teoiriciúil. déanann an fealsamh é féin a iompar ar nós áirithe seachas ceisteanna teibí a chíoradh, rud a fhágann go bhfuil tionchar an smaoinimh le haithint ar bheatha an duine. Dá bhrí sin measann fealsúna éigin go gcaithfidh siad daoine eile a chur ar bhealach a leasa. Is féidir cuspóir comhchoiteann agus polaitiúil féin a dhéanamh de nós pearsanta. Féadann fealsamh cuideachta chuí a tharraingt chuige féin.
Ach ní gá go ndéanfadh fealsamh faillí i bhfadhbanna teoiriciúla. An chríonnacht úd (nó lena rá níos beaichte, an ''sophia'') is áil leis an bhfealsamh a bhaint amach, is oilteacht freisin í. Tá a fhios ag an bhfealsamh, de réir an traidisiúin a bhunaigh Sócraitéas, conas a chaithfidh sé é féin a iompar, agus a fhios aige conas údar a chur leis. Iarrann Sócraitéas ar a chomhchainteoirí údar réasúnach a chur lena mbreithiúnas. Féadann an réasúnaíocht riachtanach sin bunús eolaíoch a thabhairt leis an bhfealsúnacht. Ghlac a lán fealsamh de chuid na [[an tSean-Ghréig|Sean-Ghréige]], ar nós [[Eipiciúras|Eipiciúrais}}]], leis an dearcadh seo. Is iomaí fealsamh a shíl nár nós beatha í an fhealsúnacht ach obair intleachtúil: níl aon amhras ná gur mar sin atá an scéal inniu i gcúrsaí léinn agus taighde.
[[Íomhá:David - The Death of Socrates.jpg|thumb|left|270px|''Bás Shócraitéas''. [[Jacques-Louis David]] (1787) a rinne. Tá an fealsamh Sócraitéas ar tí deoch nimhe (muing mhear) a ól.]]