An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 24:
==Cultúr agus Sochaí==
 
Is as cultúr na Sean-Ghréige a thagann bunús chultúr Iarthar an domhain, agus tá cáil ar an sean-Ghréig fiú inniu mar gheall ar shaibhreas is cruthaiteacht a cultúir. Is iad na sean-Ghréagaigh a bhunaigh an [[drámaíocht]], an [[fealsúnacht|fhealsúnacht]], an [[eolaíocht]], is an [[stair]]. Tá litríocht na Sean-Ghréige ar na litríochtaí is clúití dá bhfuil ann i dteanga ar bith, agus tá saothair de chuid scríbhneoirí Gréagacha ar nós [[Hóiméar]], [[EoiripidéasAescaileas]], [[Eoraipidéas]], agus [[SophóicléasSofaicléas]] á leámh fós.
 
Eascraíonn an fhealsúnacht agus an eolaíoacht araon as iarracht na nGréagach cora an tsaoil a mhíniú le míniúcháin nádúrtha. Is i gcathracha Gréagacha na Íóine (in iarthar na hAnatóile) a bhí na fealsaimh is luaithe dá bhfuil trácht againn tharstu, saoithe ar nós [[Táiléas]] agus [[Anaicsimeandar]]. Mhair triúr de na fealsúna is mó i stair an domhain, [[Sócraitéas]] (470-399 R.Ch.), [[Platón]] (429-347 R.Ch.) agus [[Arastotail]] (384-322 R.Ch.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - [[an Platónachas]] agus [[an tArastotaileachas]]. Tá Arastatail, [[Airciméidéas]], agus [[Déamócratas]] i measc an iliomad eolaithe a mhair sa tsean-Ghréig.