An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Scotto (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 26:
Is as cultúr na Sean-Ghréige a thagann bunús chultúr Iarthar an domhain, agus tá cáil ar an sean-Ghréig fiú inniu mar gheall ar shaibhreas is cruthaiteacht a cultúir. Is iad na sean-Ghréagaigh a bhunaigh an [[drámaíocht]], an [[fealsúnacht|fhealsúnacht]], an [[eolaíocht]], is an [[stair]]. Tá litríocht na Sean-Ghréige ar na litríochtaí is clúití dá bhfuil ann i dteanga ar bith, agus tá saothair de chuid scríbhneoirí Gréagacha ar nós [[Hóiméar]], [[Aescaileas]], [[Eoraipidéas]], agus [[Sofaicléas]] á leámh fós.
 
Eascraíonn an fhealsúnacht agus an eolaíoacht araon as iarracht na nGréagach cora an tsaoil a mhíniú le míniúcháin nádúrtha. Is i gcathracha Gréagacha na Íóine (in iarthar na hAnatóile) a bhí na fealsaimh is luaithe dá bhfuil trácht againn tharstu, saoithe ar nós [[Táiléas]] agus [[Anaicsimeandar]]. Mhair triúr de na fealsúna is mó i stair an domhain, [[Sócraitéas]] (470-399 R.Ch.), [[Platón]] (429-347 R.Ch.) agus [[Arastotail]] (384-322 R.Ch.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - [[an Platónachas]] agus [[an tArastotaileachas]]. Bhí [[Eipiciúras]] ar na fealsaimh is mó le rá sa Ré Heilléanaíoch. Tá Arastatail, [[Airciméidéas]], agus [[Déamócratas]] i measc an iliomad eolaithe a mhair sa tsean-Ghréig.
 
Bhíodh córais éagsúla rialtais ag na Gréagaigh. Bhunaigh siad an [[daonlathas]], agus is san Aithin is mó a bhí sé siúd á chleachtadh, ach bhí neart cathracha ann a bhí ina n-olagarchtaí nó ina monaracachtaí (focail Ghréigise is ea an dhá fhocal seo, dar ndóigh). Cleachtaítí an sclábhaíocht go forleathan, agus ní ró-mhaith an stádas a bhí ag mná sa tsochaí ach oiread. Tugann staraithe Gréagacha mar [[Héaródatas]] agus [[Túicididéas]] a lán eolais dúinn mar gheall ar a sochaí agus a stair.