An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 33:
 
Sa bhliain 1800, rinneadh aon stát amháin d'Éirinn agus den Bhreatain Mhór, nuair a reachtaíodh [[Acht an Aontais 1800|Acht na hAontachta]]. Iad siúd a dtugadh Aontachtóirí orthu féin roimh an mbliain 1912, b'iadsan an dream a bhí sásta leis an Acht áirithe seo, agus iad ag déanamh a ndíchill leis an Acht a choinneáil i bhfeidhm. B'iad lucht leanúna an [[Rialtas Dúchais]] naimhde na nAontachtóirí seo. Is é an rud a bhí ag teastáil ó lucht an Rialtas Dúchais ná parlaimint fhéinrialaitheach a chur ar bun d'Éirinn. Níor thaitin an smaoineamh sin leis na hAontachtóirí, nó bhí eagla orthu go bhfágfaí na Protastúnaigh faoi leatrom in Éirinn, dá mbeadh an tír á rialú ag parlaimint áitiúil a bheadh ag cur thar maoil le Caitlicigh agus Náisiúnaithe, agus go n-iompódh a leithéid de pharlaimint an t-oileán ina phoblacht neamhspleách sa deireadh thiar thall.
[[Íomhá:Charles Stewart Parnell - Brady-Handy.jpg|deas|200px150px|thumb|Charles Stewart Parnell]]
B'é an Rialtas Dúchais - an pharlaimint fhéinrialaitheach gan neamhspleáchas iomlán - an polasaí a bhí ag ceannairí Náisiúnaíocha cosúil le h[[Isaac Butt]], [[William Shaw]], [[Charles Stewart Parnell]], [[John Redmond|Seán Réamann]], agus [[Seán Diolún]]. Nuair a tháinig Páirtí na Náisiúnaithe - ar a dtugtaí freisin Conradh an Rialtas Dúchais nó [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] - ar an bhfód, rinne sé a chuid féin den Rialtas Dúchais mar chuspóir polaitiúil. B'iad na Náisiúnaithe a fuair an chuid ba mhó de na suíocháin i ngach olltoghchán in Éirinn ó na 1870idí anuas go dtí an bhliain 1914.