An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Buachalla"
Alt nua i ndiaiadh a bháis. |
(No difference)
|
Leagan ó 19:35, 22 Bealtaine 2010
Ba scoláire agus acadóir Gaeilge é Breandán Ó Buachalla (1936 - 20 Bealtaine 2010). Aithnítear é ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí i léann na Gaeilge sa dara cuid den 20ú haois agus i dtús na haoise seo.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine is mó saineolas ar fhilíocht agus ar scríbhneoireacht na Nua-Ghaeilge Moiche.
Óige
Rugadh Breandán Ó Buachalla i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é i Scoil Neasáin agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé bunchéim amach sa Léann Ceilteach.
Gairmréim mar acadóir
Chaith sé tréimhse ina léachtóir Gaeilge i mBéal Feirste ar dtús. Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Bhaile Átha Cliath um Ardoideachas ó 1973 go dtí 1978, chomh maith le bheith ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó 1978 go dtí 1996. Anuas air sin, bhí sé ina ollamh ar cuairt i Notre Dame, Coláiste Bhostún agus Coláiste Nua-Eabhrac.
Saol pearsanta
Bhí an Buachailleach pósta le hAingeal agus bhí triúr clainne acu, mar atá, Bríd Óg, Clíona agus Traolach. Tá cáil áirithe bainte amach ag a pháistí dóibh féin ag obair sna meáin chumarsáide, go háirithe i meáin chumarsáide na Gaeilge.
Leabhair
- I mBéal Feirste Cois Cuain
- Peadar Ó Doirnín: Amhráin
- Nua-Dhuanaire II
- Cathal Buí: Amhráin
- Aisling Ghéar