An difríocht idir athruithe ar: "Himiléithe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Sliabhraon]] is ea na '''Himiléithe''', atá suite idir fo-ilchríoch na h[[India]] agus ardchlár [[an Tibéid|na Tibéide]]. Tá na sléibhte is airde ar domhan le fáil sna Himiléithe, ina measc [[Teomólongma]] ('[[Sliabh Everest' sa Bhéarla]]) agus [[K2]]. Tá deich sliabh sa sliabhraon i measc na 14 is airde ar domhan.
 
Tosaíonn cuid de na haibhneacha is mó ar domhan, an Ganges, Indus, Brahmaputra, Yangtze, Mekong, Salween, Abhainn Rua, Xunjiang, Chao Phraya, Irrawaddy, Amu Darya, Syr Darya, Tarim agus Huang He, sna Himiléithe. Tá cónaí ar 3 billiúin duine i dtíortha éagsúla san abhantrach draenála (beagnach leath de mhuintir an domhain): [[an Afganastáin]], [[an Bhanglaidéis]], [[an Bhútáin]], [[Daon-Phoblacht na Síne]], [[an India]], [[Neipeal]], [[Burma]], [[an Chambóid]], [[An Táidsíceastáin|Táidsíceastáin]], [[An Úisbéiceastáin|Úisbéiceastáin]], [[an Tuircméanastáin]], [[an Chasacstáin]], [[an Chirgeastáin]], [[an Téalainn]], [[Laos]], [[Vítneam]], [[an Mhalaeisia]] agus [[an Phacastáin]].