An difríocht idir athruithe ar: "An Albainis"
Content deleted Content added
m Athainmníodh Albainis mar An Albainis |
No edit summary |
||
Líne 20:
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Gearmáinice is ea í an '''Albainis''' nó an '''Lallainnis''' (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd ''Lallainnis'' a bhí i g''Ciste Cúrsaí Reatha''; ''Scots'' an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in [[Albain]] agus i d[[Tuaisceart Éireann]]. Tugtar ''Lallainnis'' uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná ''a' Bheurla Ghallda'', is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma ''[[Albainis Uladh]]'' go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i g[[Cúige Uladh]], go háirithe i dTuaisceart Éireann.
Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná ''Scots'' nó ''braid Scots'' - is ionann ''braid'' agus ''broad'' an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le ''Doric'' nó ''Buchan Claik'' - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é ''Scotch'', ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm ''Lallans'' bunaithe ar ''Lowlands'' an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd ''Ciste Cúrsaí Reatha'' úsáid as an leagan Gaeilge ''Lallainnis''. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le [[Robert Burns]] agus [[Robert Louis Stevenson]], cuir i gcás.
|