An difríocht idir athruithe ar: "An Albainis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
rv
Líne 18:
|iso3=sco
}}
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Gearmáinice is ea í an '''Albainis''' nó an '''Lallainnis''' (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd ''Lallainnis'' a bhí i g''Ciste Cúrsaí Reatha''; ''Scots'' an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in [[Albain]] agus i g[[Cúige Uladh]]. Tugtar ''Lallainnis'' uirthi i bhfoinsí áirithe i nGaeilge na hÉireannGaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná ''a' Bheurla Ghallda'', is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma ''[[Albainis Uladh]]'' go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i g[[Cúige Uladh]], go háirithe i dTuaisceart Éireann.
 
Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Tá Albainis i bfhad nios arsa na an Béarla Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den [[Béarla|Bhéarla]] mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le [[Béarla na hAlban]], is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain.
 
Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná ''Scots'' nó ''braid Scots'' - is ionann ''braid'' agus ''broad'' an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le ''Doric'' nó ''Buchan Claik'' - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é ''Scotch'', ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm ''Lallans'' bunaithe ar ''Lowlands'' an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd ''Ciste Cúrsaí Reatha'' úsáid as an leagan Gaeilge ''Lallainnis''. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le [[Robert Burns]] agus [[Robert Louis Stevenson]], cuir i gcás.