An difríocht idir athruithe ar: "Glúin na Buaidhe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna [[1940í]] in [[Éirinn]] a bhí i nGlúin na Buaidhe. B'iad [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag [[Annraoi Ó Liatháin]] leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh Ciarán Ó Nualláin - deartháir [[Myles na gCopaleen|Flann O'Brien]] - colúin ar iris na Glúine. Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge - ''Craobh na hAiséirí'' - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.
 
Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. B'é an radacachas sainiúil Éireannach é ina n-aontaítear an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge: ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd ''Inniu'', chomh maith leis an teach foilsitheoireachta ''Foilseacháin Náisiúnta Teoranta'' (FNT).