An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
m botúin chló á ndeisiú
Scotto (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 13:
Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R.Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.
 
Tarluint chinniúnach ag tús na Ré seo ab ea iarracht na Impireachta Peirsí mórthír na Gréige féin a ghabháil. Dhein na Peirsigh dhá ionradh ar an nGréig, i 490 R.Ch. agus arís i 480-478 R.Ch., ach chuir na Gréagaigh ruaig orthu (feic [[Cath Mharatóin]]), rud nach raibh na Peirsigh ná mórchuid na nGréagach ag súil leis. Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach i ndiaidh na [[Cogaí Peirseacha|gCogaí Peirseacha]]. Is sa tréimhse seo a bhí [[Cogadh na Peilipinéise]] idir [[Sparta]] agus an Aithin, go raibh an bua ag Sparta ann. Ba é an Ré Chlasaiceach Ré an "polis" (Gréigis: πόλις), nó "cathair-stát", mar nach raibh aon rialtas náisiúnta ag na Gréagaigh, ach bhí an tír roinnte idir a lán cathracha neamhspleácha a bhí i gcoimhlint lena chéile don chuid is mó.
 
Theip ar an seanchóras politiúil seo i 337 R.Ch. nuair a d'éirigh le [[Pilib II]], rí na Macadóine, cathracha na Gréige a chur faoi smacht, agus don chéad uair riamh bhí iomlán na Gréige féin faoi smacht ag rialtas amháin. (Lean na cathracha Gréagacha san Iodáil agus sa tSicil mar cathracha neamhspleácha, áfach.) Tháinig a mhac [[Alastar Mór]] ina chomharba ar Philib, agus d'éirigh leis, mar aon le harm mór Macadónach is Gréagach, ionradh a dhéanamh ar an Impireacht Pheirseach agus an impireacht sin ar fad a ghabháil. Leath an bua seo an cultúr Gréagach thar leath na cruinne, ón Éigipt aniar go dtí an Ind. Scoilteadh impireacht Alastair Mhóir tar éis a bháis ina ríochtaí neamhspléacha, agus ceaptar bás Alastair mar tús leis an Ré Heilléanaíoch.
Líne 28:
Eascraíonn an fhealsúnacht agus an eolaíoacht araon as iarracht na nGréagach cora an tsaoil a mhíniú le míniúcháin nádúrtha. Is i gcathracha Gréagacha na Íóine (in iarthar na hAnatóile) a bhí na fealsaimh is luaithe dá bhfuil trácht againn tharstu, saoithe ar nós [[Táiléas]] agus [[Anaicsimeandar]]. Mhair triúr de na fealsúna is mó i stair an domhain, [[Sócraitéas]] (470-399 R.Ch.), [[Platón]] (429-347 R.Ch.) agus [[Arastotail]] (384-322 R.Ch.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - [[an Platónachas]] agus [[an tArastotaileachas]]. Bhí [[Eipiciúras]] ar na fealsaimh is mó le rá sa Ré Heilléanaíoch. Tá Arastatail, [[Airciméidéas]], agus [[Déamócratas]] i measc an iliomad eolaithe a mhair sa tsean-Ghréig.
 
Bhíodh córais éagsúla rialtais ag na Gréagaigh. Bhunaigh siad an [[daonlathas]], agus is san Aithin is mó a bhí sé siúd á chleachtadh, ach bhí neart cathracha ann a bhí ina n-olagarchtaí nó ina monaracachtaí (focail Ghréigise is ea an dhá fhocal seo, dar ndóigh). Cleachtaítí an sclábhaíocht go forleathan, agus ní ró-mhaith an stádas a bhí ag mná sa tsochaí ach oiread. Tugann staraithe Gréagacha mar [[HéaródatasHéaradatas]] agus [[Thucydides|Túicididéas]] a lán eolais dúinn mar gheall ar a sochaí agus a stair.
 
==Cúrsaí creidimh==