An difríocht idir athruithe ar: "Sergey Dovlatov"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Bhí '''Sergey Donatovich Dovlatov''' (nó ''Dovlatov-Mechik'', ''Серге́й Дона́тович Довла́тов'' nó ''Довлатов-Мечик'') ar scríbhneoirí móra na [[An Rúis|Rúisise]] san fhichiú haois. Rugadh in Ufa ar an [[3 Meán Fómhair]] [[1941]], agus básaíodh i [[Nua-Eabhrac]] é ar an [[24 Lúnasa]] [[1990]].
Sna blianta 1972-1975, bhí sé ina chónaí s[[an Eastóin]], a bhí ina "poblacht" [[APSS|Shóivéadach]] san am. Shaothraíodh sé a chuid ag iriseoireacht san am, agus é ag scríobh altanna do na nuachtáin áitiúla Rúisise. Thairis sin, áfach, is iomaí cineál eile oibre a
Bhí sé ag scríobh gearrscéalta an t-am ar fad, ach is fuar an fháilte a fuair a chuid scríbhinní sna hirisí liteartha. D'éirigh leis scéilín amháin a fhoilsiú sa bhliain 1974 san iris ''Юность/Yunost'' ("An tAos Óg"), ach nuair a bhí an teach foilsitheoireachta úd ''Eesti Raamat'' ("An Leabhar Eastónach") ar tí an chéad leabhar le Dovlatov a chur i gcló, choisc an [[KGB]] an foilsiú.
Líne 9:
Bhí irisí na ndeoraithe Rúiseacha sna tíortha Iartharacha sásta scríbhinní le Dovlatov a phriontáil, rud nár thaitin leis na húdaráis san Aontas Sóivéadach féin. Le teacht slán ón ngéarleanúint, d'éalaigh sé leis, ar dtús go [[Vín]], agus ina dhiaidh sin go Nua-Eabhrac. Sna [[SAM|Stáit Aontaithe]], thosaigh sé féin ag foilsiú na hirise ''Новый американец/Novyi amerikanets'' ("An Meiriceánach Nua"). Foilseachán liobrálach do lucht na deoraíochta ón Aontas Sóivéadach a bhí ann. Anois, chuaigh a chuid leabhar i gcló ceann i ndiaidh a chéile, agus i lár na n-ochtóidí, bhí an ''New Yorker'' sásta na chéad aistriúcháin Bhéarla a fhoilsiú.
Fuair Sergey Dovlatov bás i Nua-Eabhrac le taom
Inniu, áirítear Dovlatov ar na scríbhneoirí is mó a thaitníonn leis an ngnáthléitheoir Rúiseach. Bhí cluas mhaith aige don teanga labhartha, agus stíl ghonta ghreannmhar aige.
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1941|Dovlatov, Sergey]]
|