An difríocht idir athruithe ar: "Scamall Mór Magellan"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
'''Scamall Mór Magellan''' (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar [[PGC|Phríomh-Chatalóg na Réaltraí]], mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáil i réaltbhuíonta [[An Colgán (réaltbhuíon)|an Cholgáin]] agus [[An Táböa (réaltbhuíon)|an Tábla]]. [[Scamall Beag Magellan]] atá ar an gceann eile. Is réaltbhuíonta iad seo nach bhfeictear ach ar an leath theas den [[sféar neamhaí]], sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, ní raibh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na turasanna móra farraige a nocht cosúlacht agus déanamh [[An Domhan|an Domhain]] féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as [[Fernao de Magalhaes]] (Magellan), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh iad.
 
Chreideadh na réalteolaithe go dtí le déanaí go raibh an Scamall Mór ar an réaltra ba ghaire do Bhealach na Bó Finne, ach, le déanaí, thángthas trasna ar réaltra beag atá níos cóngaraí fós, mar atá, [[Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora]].