An difríocht idir athruithe ar: "Scamall Beag Magellan"

Content deleted Content added
No edit summary
 
mNo edit summary
Líne 1:
'''Scamall Beag Magellan''' (an dá chéad dóú réad déag is ceithre scór ar an [[NGC|Nua-Chatalóg Ghinearálta]], mar atá, NGC292, nó an trí mhíle ochtú cúigiú ceann ar [[PGC|Phríomh-Chatalóg na Réaltraí]]): ceann de dhá réaltra bheaga neamhrialta a dtugtar [[Scamaill Magellan]] orthu. Feictear an Scamall Beag ar imeall réaltbhuíon [[An Túcán|an Túcáin]], in aice leis an [[réaltbhraisle chruinneogach]] a dtugtar 47 Tucanae uirthi. Níl pol theas an [[sféar neamhaí|sféir neamhaí]] i bhfad ar shiúl ach an oiread: tá an Túcán ag críochantaíocht le réaltbhuíon [[An tOchtamhán(réaltbhuíon)|an Ochtamháin]] atá suite thart ar an bpol. Cosúil leis an [[Scamall Mór Magellan|Scamall Mór]], tá an Scamall Beag ar ceann de na réaltraí atá ag timpeallú [[Bealach na Bó Finne|Bhealach na Bó Finne]], agus ar na cinn is gaire dúinn. Tá an Scamall Beag suite faoi dhá chéad agus deich míle [[solasbhliain]] dínn, agus é thart ar deich míle solasbhliain ar fad is ar leithead. Níl sé comhchomh saibhir i réaltaí agus an Scamall Mór - tá níos mó deannach agus gás ann.