An difríocht idir athruithe ar: "Eipiciúras"
Content deleted Content added
SilvonenBot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: id:Epikuros |
mNo edit summary |
||
Líne 13:
Dar le hEipiciúras, is í aidhm na fealsúnachta ná saol sona suaimhneach a bhaint amach. Is iad an "ataraxia" (suaimhneas aigne is easpa eagla) agus an "aponia" (easpa péine) an dá thréith is mó a bhaineann le beatha duine a leanann an fhealsúnacht i gceart. Is trí thuiscint cheart ar nádúr an tsaoil, trí srian a choinneáil ar na mianta, agus trí dhul i muinín chomhluadar na gcarad, atá an staid shona seo le baint amach. Mhúin Eipiciúras gurb ionann an mhaith agus an pléisiúr. Shéan sé go raibh aon anam neamhfhisiciúil ag an duine, agus gurb é an bás deireadh le saol an duine. Cheap sé go raibh an eagla roimh an mbás ar na constaicí is mó a chuireann duine óna shuaimhneas. Cé nár shéan Eipiciúras go bhfuil na déithe ann, dúirt sé gur cuma leo an cine daonna, agus mar sin níl sé ceart eagla a bheith ag duine roimh dhéithe. Chloígh sé leis an teoiric adamhach a chum Déamócratas, cé gur athraigh sé mionsonraí na teoirice sin, go háirithe chun é a chur in oiriúint le coincheap na tola saoire.
Cé go bhfuil cáil ar Eipiciúras inniu mar duine cíocrach a mhol dá lucht leanúna géilliúnt dá gcuid mianta, míthuiscint den teoiric is ea é seo. Cé
Bhíodh an scoil fhealsúnachta a bhunaigh Eipiciúras ar na scoileanna is tábhachtaí sa Ré Ársa, mar aon leis an Stóachas (Stoicism). Is é an file Rómhánach [[Lúicréitias]] an scríbhneoir Eipiciúrach is cáiliúla na laethanta seo.
|