An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Chaistil"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 1:
De réir daonáirimh [[2001]], tá 5,089 daoine i mBaile an Chaistil, agus is príomhbhaile riaracháin Cheantar na Maoile é. Tá an baile suite ag bun na habhann Margaidh ar an taobh thuaidh de [[Gleannta na hAontroma|Ghleannta (nó Glinntí) Aontroma]], ar chósta thuaidh [[Chontae Aontroma|Chontae Aontroim]]. Sníonn Sruth na Maoile idir an baile agus Cinn Tíre na hAlban. Caitheann daonra an bhaile vótaí ar son páirtithe náisiúnacha sa chuid is mó, agus is é an Caiticeachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá na Gleannta [[Caitliceach]] chomh maith, ach baineann an chuid is mó den daonra atá ina gcónaí faoin tuath taobh thiar den bhaile leis an bProtastúnachas.
 
Tá calafort beag i mBaile an Chaistil, áit a sheolann an bád fartha go [[Reachraí]] (oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin), agus go [[Ceann Loch Chille Chiarain]] in [[Albain]] (i rith an tSamhraidh).