An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Gearmáine"

Content deleted Content added
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 7:
Sa chlochaois neoiliteach agus sa chré-umhaois, shocraigh daoine ó chultúr na potadóireachta línithe, chultúr na potadóireachta cordaithe agus chultúr an eascra síos san áit a bhfuil an Ghearmáin inniu. De réir a chéile a d'fhorbair treibheacha éagsúla a raibh teangacha Ind-Eorpacha á labhairt acu. Tháinig na treibheacha seo ar an bhfód de thoradh an dóigh a raibh an mhuintir isteach agus na bundúchasaigh á meascadh trí chéile. Bhaist údair na [[An tSean-Róimh|sean-Róimhe]] "Gearmánaigh" ar cheann de na treibheanna seo. Thairis sin, bhí idir Cheiltigh agus Shlavaigh ann, chomh maith le "bloc an Iarthuaiscirt" - is é sin, treibheacha Ind-Eorpacha nach raibh inaicmithe in aon cheann den trí phríomhghrúpa sin. Chuaigh "bloc an Iarthuaiscirt" leis an nGearmánachas ó thaobh na teanga de timpeall ar bhreith Chríost.
 
Nuair a bhí Impireacht na Sean-Róimhe ina neart, chuir coilínithe Rómhánacha fúthu san áit a bhfuil deisceart agus iarthar na Gearmáine inniu. Bhí saighdiúirí Rómhánacha i seilbh na dtailte timpeall ar an [[Danóib]] agus ar an [[an Réin|Réin]], agus tháinig na saighdiúirí seo ó gach cearn den Impireacht mhór. I ndiaidh Imirce Mhór na Náisiún, d'fhan iarsmaí na náisiún sin uile anseo agus ansiúd sna réigiúin ina bhfuil an Ghearmáin suite inniu.
 
I mblianta na hImirce Móire, thréig na treibheacha Gearmánacha na tailte taobh thoir den Eilbe, agus chuir na Slavaigh fúthu ansin ina ndiaidh. Nuair a thosaigh na Gearmánaigh ag coilíniú an Oirthir, ón 11ú haois i leith, chuaigh a dteanga in úsáid sna réigiúin sin arís, agus rinneadh cuid d'Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh (an "Chéad ''Reich''") díobh arís.