An difríocht idir athruithe ar: "Radanúiclíd"

778 bytes added ,  11 bliain ó shin
no edit summary
(Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist le '''radanúiclíd''' ná núiclíd - cineál adaimh a bhfuil a núicléas éagobhsaí, ionas gur dual dó meath [[Radaighníomhaíoc...')
 
 
Téarma fisice é an focal sin "radanúiclíd". Na ceimiceoirí, is gnách leo dearcadh ar an radanúiclíd mar iseatóp de chuid na dúile ceimicí lena mbaineann sí, agus mar sin, is fearr leo '''raidiseatóp''' a thabhairt ar an radanúiclíd.
 
Maidir leis na radanúiclídí a bhíonn le fáil sa dúlra, is féidir iad a roinnt ina dtrí ghrúpa: na radanúiclídí príomhordúla, na radanúiclídí tánaisteacha agus na radanúiclídí cosmaigineacha. Is iad na radanúiclídí príomhordúla na cinn a bhí ar fáil sa damhna as ar foirmíodh an ghrian agus na pláinéid, agus iad chomh fadsaolach is go bhfuil cuid acu fágtha ann inniu féin. Samplaí den chineál seo radanúiclídí is iad úráiniam agus tóiriam an dúlra. Radanúiclídí tánaisteacha iad na cinn a cruthaíodh nuair a tháinig meath ar na radanúiclídí príomhordúla - sampla is ea an raidiam. Radanúiclídí cosmaigineacha iad na radanúiclídí a chruthaítear faoi thionchar na radaíochta cosmaí, cosúil leis an [[radacarbón]].