An difríocht idir athruithe ar: "Plútóiniam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
Is é an '''plútóiniam''' dúil uimhir a 94, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Pu'''. Dúil radaighníomhach atá ann, nó níl oiread agus aon iseatóp cobhsaí amháin aige. Baineann sé le grúpa na n-achtanóideach (na n-achtainídí), agus is dúil trasúránach é freisin, ós rud é go bhfuil sé níos troime ná an t-[[úráiniam]]. Úsáidtear é i ndéantús na mbuamaí adamhach, rud a thuill an-mhíchlú don dúil seo.
 
Nuair atá an plútóiniam aonraithe ina dhúil, is éard atá ann ná miotal insínte agus loinnir an airgid ann, ach tiocfaidh smúit ocsaídí agus hidrídí air de réir mar a imoibreoidh ocsaigin an atmaisféir leis. Nuair a bheidh an smúit sách ramhar, tosóidh sí ag titim ina scraitheanna den phlútóiniam. Is dual do lánna comhdhúlscraitheanna plútóiniamseo dul trí thine as a stuaim féin - mar a deirtear, is comhdhúile pireafóracha iad. Cuireann an adhaint spontáineach seo leis an dainséar a bhaineann le plútóiniam.
 
Is dual don phlútóiniam carnadh a dhéanamh i smior na cnáimhe, agus is nimh radaighníomhach é. Tá sé réasúnta fonnmhar chun imoibriúcháin, leis, nó imoibríonn sé le [[nítrigin]], le [[carbón]] agus le [[sileacan]], gan trácht ar na [[halaiginí]].
 
Tá ceithre staid choitianta ocsaídiúcháin ag an bplútóiniam, chomh maith le staid amháin atá níos annaimhe, agus a dath féin ag gach staid sa tuaslagán uisce. Bíonn na hiain Pu<sup>3+</sup> gorm, agus na hiain Pu<sup>4+</sup> bíonn siad donnbhuí. An t-ian PuO<sub>2</sub><sup>+</sup>, a fhágann an plútóiniam ar an staid ocsaídiúcháin V, nó +5, tá an dath pinc ann.
 
[[Íomhá:Plutonium pyrophoricity.jpg|thumb|left|250px|Píosaí plútóiniam atá ag dul trí [[thine]], i mbosca]]