An difríocht idir athruithe ar: "Plútóiniam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
Is dual don phlútóiniam carnadh a dhéanamh i smior na cnáimhe, agus is nimh radaighníomhach é. Tá sé réasúnta fonnmhar chun imoibriúcháin, leis, nó imoibríonn sé le [[nítrigin]], le [[carbón]] agus le [[sileacan]], gan trácht ar na [[halaiginí]].
 
Tá ceithre staid choitianta ocsaídiúcháin ag an bplútóiniam, chomh maith le staid amháin atá níos annaimhe, agus a dath féin ag gach staid sa tuaslagán uisce. Bíonn na hiain Pu<sup>3+</sup> gorm, agus na hiain Pu<sup>4+</sup> bíonn siad donnbhuí. An t-ian PuO<sub>2</sub><sup>+</sup>, a fhágann an plútóiniam ar an staid ocsaídiúcháin V, nó +5, tá an dath pinc ann. Tá an t-ian PuO<sub>2</sub><sup>2+</sup>, nó Pu(VI), tá sé cineál pinc-fhlannbhuí, agus maidir leis an ian PuO<sub>3</sub><sup>3-</sup>, nach mbíonn chomh coitianta leis na staideanna ocsaídiúcháin eile, tá dath uaine nó sórt liathuaine ann.
 
[[Íomhá:Plutonium pyrophoricity.jpg|thumb|left|250px|Píosaí plútóiniam atá ag dul trí [[thine]], i mbosca]]