An difríocht idir athruithe ar: "Shay Given"

Content deleted Content added
No edit summary
m CB
Líne 14:
}}
 
[[CoimeádaíCúl cúilbáire]] [[sacar|peilesacair]] [[Éire|Éireannach]] is ea '''Séamus "Shay" Given''' (Gaeilge: ''Séamus Mac Dhuibhín''). Rugadh i [[Leifear]] i g[[Contae Dhún na nGall]] é sa bhliain [[1976]]. Ba é [[Ceiltigh Ghlaschú]] an chéad chlub a shínigh sé leis nuair a bhí sé ina leaid óg. Rinne sé an turas fada go h[[Albain]] agus é sé bliana déag d'aois. Chaith sé cúpla bliain ann. Tháinig feabhas ar a chuid scileanna de réir a chéile agus é ag traenáil in éineacht le cúl báirí oilte ar nós Packie Bonner ([[Pádraig Ó Cnaimshí]]), [[Gordon Marshall]] agus [[Stewart Kerr]]. I mí Eanáir na bliana [[1994]], bhí sé i measc na n-ionadaithe don chluiche ''Old Firm'' in aghaidh na [[Rangers Football Club|Raonaithe]].
 
Níos déanaí sa bhliain sin, d'fhág sé [[Parkhead]] agus d'imigh sé go [[Lancashire]], [[Sasana]] áit a thosaigh sé ag imirt le [[Blackburn Rovers]]. Nuair a bhí sé ann, thug [[Mick McCarthy]] deis don Given óg imirt mar chúl báire le [[Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann|foireann na hÉireann]]. D'imir sé an chéad chluiche lena thír dhúchais in aghaidh na Rúise sa bhliain [[1996]], agus thug sé taispeántas réasúnta maith. Ag an am céanna, bhí sé deacair dó a áit a choimeád i bhfoireann Blackburn Rovers, toisc go raibh an cúl báire Sasanach [[Tim Flowers]] ann chomh maith. Mar sin, chuaigh sé ar dtús go dtí [[Swindon Town]] agus ansin go dtí [[Sunderland A.F.C.|Sunderland]] chun taithí a fháil. Cheannaigh [[Newcastle United]] é sa bhliain [[1997]] áit inár choinnigh sé a áit idir na póstaí ó shin go dtí [[1 Feabhra]] [[2009]]. Cheannaigh [[Manchester City F.C.]] é sa bhliain 2009 i gcomhair thart ar 8 milliún euro.