An difríocht idir athruithe ar: "Ceiriam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an '''ceiriam''' dúil uimhir a 58, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Ce'''. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin, rangaí...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is é an '''ceiriam''' dúil uimhir a 58, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Ce'''. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin, rangaítear ar na [[Tearcithir|tearcithreacha]] é, ach níl sé chomh tearc sin - le fírinne, is é an lantanóideach is flúirsí ar an Domhan é. Cosúil leis na miotail tearc-chré eile, tá sé ar fáil sa mbastnaeisít agus i [[monaisít]]. Fuair sé a ainm ó [[Ceres (abhacphláinéad)|Ceres]], an mionphláinéadt-abhacphláinéad.
 
Is iomaí leas a bhaintear as sa tionsclaíocht agus san innealtóireacht. Cuirtear trí-ocsaíd dé-cheiriam, nó Ce<sub>2</sub>O<sub>3</sub> le breosla díosail leis an dóiteán inmheánach a chatalú agus foirmiú na haonocsaíde carbóin CO a chosc. Maidir leis an dé-ocsaíd ceiriam, CeO<sub>2</sub>, úsáidtear é le snas agus loinnir a chur ar na lionsaí optúla. Is féidir ocsaídí ceiriam a mheascadh tríd an ngloine féin, nó athraíonn siad comhéifeacht athraonta na gloine. Níl anseo ach cúpla sampla de chomh húsáideach is a bhíonn an ceiriam, dáiríre, nó is dúil ardtábhachtach é san innealtóireacht.