An difríocht idir athruithe ar: "Úráiniam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
 
Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K<sub>2</sub>UO<sub>2</sub>(SO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> in ann "smúit" a fhágáil ar pláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.
 
Is é an ochtocsaíd trí-úráiniam, U<sub>3</sub>O<sub>8</sub>, an chomhdhúil is tábhachtaí agus is cobhsaí dá bhfuil ag an úráiniam. Is ionann í agus an phicbhleind.