An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: tt:Клайв Льюис
Líne 64:
Cé gur shíl sé go raibh sé ina aindiachaí san am, dúirt sé ina leabhar ''Surprised by Joy'' ina dhiaidh sin go raibh sé, thar aon rud eile, ''feargach le Dia toisc nach raibh Sé ann'', nuair a bhí sé óg.
 
Faoi thionchar a chara ollscoile Tolkien agus an leabhair úd ''The Everlasting Man'' le [[G. K. Chesterton|Chesterton]], tháinig sé ar ais chuig an gCríostaíocht de réir a chéile. Bhí sé ag iarraidh cur in aghaidh an athrú comhairle seo go lá a iompaithe. ''Nuair a bhain mé amach an Chríostaíocht, bhí mé ag scréacharnaigh agus ag ciceáil uaim'', a dúirt sé. Seo an cur síos a thug sé ar dheireadh a throda sa leabhar ''Surprised by Joy'':
 
''Samhlaigh duit mé i m'aonar, thuas sa seomra sin i Magdalen, oíche i ndiaidh oíche, agus mé ag mothú, gach soicind a n-ardóinn súile m'intinne de mo chuid oibre, go raibh Sé ag druidim isteach chugam go maorga malltriallach, Sé féin, a bhí mé ar theann mo dhichill a sheachaint. É féin a chuir an oiread sin eagla orm, tháinig Sé anuas orm sa deireadh thiar. I dTéarma na Tríonóide sa bhliain [[1929]], ghéill mé Dó, agus d'admhaigh mé gurbh é Dia Dia, agus thit mé síos ar mo ghlúine, le m'urnaí a dhéanamh b'fhéidir, agus mise ar an iompaitheach ba thruamhéilí, ba dhrogallaí amuigh, b'fhéidir.''